Seachtain na Gaeilge 2018

Bhí am ar doigh againn anseo i Scoil Mhuire le linn Seachtain na Gaeilge. Rinne gach duine iarracht mór an Ghaeilge a labhairt an t-am ar fad agus tá sé soléir go bhfuil an-suim ag na paistí in ar dteanga dhuchais.  Tugadh duaiseanna do na daltaí i rith na seachtaine a rinne an iarracht is mo An Ghaeilge a labhairt. D’obair siad go crua le Ms O Donnell ag foghlaim amhrán, dantaí agus ag cur dramaí beaga le chéile. Ar An Aoine bhí ‘Lá Glas againn’, bhí gach duine gléasta in eadaí glas o bun go barr agus chaith muid an lá ag ceiliúradh ar gcúltur agus ceoil. Ar dtús bhí ceilí againn agus san iar-nóin bhí siamsaíocht den scoth ann agus na paistí ag ceoil agus ag damhsa don seó talún. Bhí meascán deas de amhrán traidisiúnta agus nua aimsire. Rinne na naíonáin ‘Báidín Fheilimí’, chuala muid An Haka o rang 1 & 2 agus chan siad Mollaí Malone, chan rang 3 & 4 Praghas Tag agus ag deireadh by rang 5 & 6 le Riptide agus an dán ‘Labhair An Teanga Gaeilge Liom’. Bhí duais don grúpa is fearr agus is iad Na Naíonáin buaiteoirí an chorn don chéad uair riamh.

Bhí comórtas aonair againn fosta agus bhain beagnach gach dalta pairt ann. Bhí dhá roinn sa comórtas seo; Sa Roinn Soisear bhí an bua ag Laila, le Odhrán sa dara áit agus Evan sa triú áit. Sa Roinn Sinsear bronnadh an chead duais ar Eve, bhí Shauna sa dara áit agus Odhran sa triú ait.  Is aoibheann an lá a bhí againn uilig agus tá muid iontach sásta leis na paistí agus chreideann muid gur is fíor an rud a duirt Padraig Mac Piarais: Tír gan teanga, tír gan ainm.

Bhí aoí speisialta ar an lá fosta mar tháinig Mamie Ní Laodhóg ar cuairt. Freastal Mamie ar scoil i mBeal na Cruite nuair a bhí sí ina girseach óg ach deir sí go bhfuil difear mor tagtha ar scoil ón t-am sin! Bhí luachair uirthi bualadh leis na paistí go speilialta a garnia Odhran agus beirt garneacht Nia & Ellie.

Bookmark the permalink.